Tionscnamh Heilsincí maidir leis an Ilteangachas sa Chumarsáid Léannta
Is rud idirnáisiúnta é an taighde. Is maith an rud é sin, dar linn! Coinníonn an t‑ilteangachas taighde atá ábhartha go háitiúil beo. Cosain é! Nuair a scaiptear torthaí taighde i do theanga féin, cuirtear le tionchar an tsaothair. Tacaigh leis! Tá sé ríthábhachtach go roinnfí eolas leis an saol mór, seachas leis an saol acadúil amháin. Cuir chun cinn é! Is iondúil nach láidir a bhíonn córais na cumarsáide léannta i dteangacha náisiúnta. Ná caill é!
Na daoine siúd a chuir a lámh le Tionscnamh Heilsincí maidir leis an Ilteangachas sa Chumarsáid Léannta, tá siad den tuairim gur cheart don lucht déanta beartas, do cheannairí, ollscoileanna, institiúidí taighde, maoinitheoirí taighde, leabharlanna, agus taighdeoirí na moltaí seo a leanas a ghlacadh chucu féin.
1. Tacaigh le scaipeadh torthaí taighde ar mhaithe leis an saol mór.
- A chinntiú go dtugtar aitheantas do thaighdeoirí a scaipeann torthaí taighde lasmuigh den saol acadúil agus a thugann aird ar chúrsaí oidhreachta, cultúir agus sochaí.
- A chinntiú go mbíonn fáil chothrom ar eolas a fhaightear trí thaighde i dteangacha éagsúla.
2. Cosain na córais náisiúnta um fhoilsiú taighde atá ábhartha go háitiúil.
- A chinntiú go mbíonn a ndóthain acmhainní ag irisleabhair agus foilsitheoirí leabhar nach bhfuil dírithe ar bhrabús a dhéanamh, mar aon leis an tacaíocht a theastaíonn uathu le hardchaighdeáin cháilíochta agus taighde a choinneáil.
- A chinntiú go gcosnaítear irisleabhair agus foilsitheoirí leabhar náisiúnta agus iad ag aistriú chuig samhail na rochtana oscailte.
3. Cuir an éagsúlacht teanga chun cinn i gcórais measúnaithe, breithmheasa agus maoinithe taighde.
- A chinntiú go dtuigeann saineolaithe i mbun breithmheasa a luachmhaire atá taighde ardchaighdeáin, is cuma cén teanga ina bhfoilsítear é agus cén chaoi a bhfoilsítear é.
- I gcás go n-úsáidtear córais atá bunaithe ar mheadarachtaí, a chinntiú go gcuirtear san áireamh go cuí irisleabhair agus leabhair i ngach teanga.
Taobh thiar de Thionscnamh Heilsincí maidir leis an Ilteangachas sa Chumarsáid Léannta tá Cónaidhm Cumann Léannta na Fionlainne (TSV), an Coiste um Fhaisnéis Phoiblí (TJNK), Cumann Foilsitheoireachta Léannta na Fionlainne, Ollscoileanna na hIorua (UHR) agus an Gníomh COST “Líonra Eorpach um Measúnú Taighde sna hEolaíochtaí Sóisialta agus sna Daonnachtaí" (ENRESSH).
Feachtas is ea “I ngach teanga” a iarrann ar an lucht déanta beartas, ar cheannairí, ollscoileanna, institiúidí taighde, maoinitheoirí taighde, leabharlanna, agus taighdeoirí a súile a oscailt agus an t‑ilteangachas a chur chun cinn sa chumarsáid léannta. Más mian leatsa a bheith páirteach san fheachtas, déan ráiteas nó físeán a phostáil ar Twitter nó Facebook go bhfuil tusa agus do chuid comhghleacaithe ag tacú leis an ilteangachas sa chumarsáid léannta, #InGachTeanga ar ndóigh.